Nósanna béaloidis na Samhna

Is sé an t-am sin den bhliain nuair a bhíonn orainn gléasadh suas agus na puimcíní a ghearradh agus a lasadh. Ach, dar ndóigh, is nós Meiriceánach é an puimcín. Céard iad na nósanna Gaelacha, mar sin? Taispeánfaidh Caoimhín Ó Cadhla duit iad agus conas gur féidir na nósanna sin a chleachtadh.

Tornapa Oíche Shamhna.
Íomhá ó Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann

Oíche Shamhna

Ar an gcéad dul síos, tá cúpla ainm ar Oíche Shamhna, amhail Oíche na gCleas agus Oíche na hAimléise, rud a bhraitheann ar do dhearcadh ar an bhféile. Tá an fhéile feicthe mar Chinn Féile. Rinneadh tagairt di i dtaobh féilte eile “Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh ó Oidhche Shamhna go hOidhche ‘l Mártain” agus “Seacht seachtmhainí reamhra ó Shamhnain go Nollaig” (scríobhadh na frásaí sin roimh chaighdeán na Gaeilge), ar eagla go bhfuil tú ag comhaireamh na laethanta go Lá Nollaig! Ag an am seo den bhliain tá na púcaí, leipreacháin agus síogaí thart agus caithfidh tú a bheith cúramach ar eagla go dtiocfaidh mí-ádh ort.  Sin an fáth go ngléasann daoine suas ionas nach n-aithneoidh na neacha osnádúrtha gnáthdhaoine agus iad ag siúl thart.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!