Cuirfear tús le comórtas na 6 Náisiún an deireadh seachtaine seo

Tabharfaidh Éire aghaidh ar Shasana ina gcéad chluiche Dé Sathairn

Cóilín Duffy

Táthar ag súil le slua 50,000 agus Éire ag cur tús lena bhfeachtas Sé Náisiún Dé Sathairn seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Shasana i Staid Aviva ag 4:45 pm, Beo ar Virgin Media 1.

Beidh Simon Easterby mar phríomhchóitseálaí ionaid na hÉireann don chomórtas seo Sé Náisiún seo, agus Andy Farrell ar iasacht chuig Leoin na Breataine agus na hÉireann roimh a gcamchuairt an samhradh seo.

Roimhe seo bhí Easterby, a d’imir 65 uair d’Éirinn agus dhá chluiche leis na Leoin, ina phríomhchóitseálaí leis na Scarlets sa Bhreatain Bheag sular thosaigh sé le Joe Schmidt, in 2014, mar chóitseálaí do thosaithe fhoireann náisiúnta na hÉireann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!