Bliain dhochreidte á ceiliúradh ag TG4 i dtaobh an lucht féachana agus na rannpháirtíochta in 2024

80% den tír ag féachaint ar TG4 agus bisiú breise bainte amach ag an gcainéal Gaeilge ar fud na Teilifíse, Ar Líne agus ar na Meáin Shóisialta

Tá clabhsúr curtha ag TG4 le 2024, arb bhliain dhochreidte a bhí inti don stáisiún, bliain inar mealladh an lucht féachana le drámaíocht ardmholta, clúdach eisceachtúil spóirt agus cláir chultúir shármhaithe.

D’fhéach breis is 80% de dhaonra na hÉireann – arbh ionann sin agus 3.73 milliún duine – ar TG4 ag tráth éigin le linn na bliana. D’ardaigh sciar an chainéil den lucht féachana ó 2.1% in 2023 go 2.2% in 2024 (an sciar ab aire den lucht féachana a bhí againn ón mbliain 2009), ag daingniú a stádais mar an 7ú cainéal is mó ar féachadh air in Éirinn don dara bliain as a chéile.

Ní faoi chúrsaí teilifíse amháin a tháinig an borradh seo, mar gur féachadh 4.3 milliún uair ar fhíseáin ar Sheinnteoir TG4 (VOD & Beo), arb ionann sin agus ardú 23%, agus féachadh 80 milliún uair, figiúr dochreidte, ar chainéil meán sóisialta TG4, a bhuíochas d’ócáidí a tharraing aird mhór agus a scaip go tréan agus do straitéisí ábhair nuálacha.

Ní raibh an dea-chlú atá ar TG4 i dtaobh cúrsaí spóirt chomh maith riamh agus atá sé anois ó tharla gur craoladh mórócáidí nach ndeanfar dearmad go deo orthu ar GAA BEO, Peil na mBan, agus ar Rugbaí Beo.

I measc na mbuaicphointí bhí:

  • 263,600 duine a d’fhéach ar Chluiche Ceannais Peile Chraobh Clubanna AIB (CLG Watty Graham v Naomh Bríd) a d’fhág gurbh é a clár is mó a féachadh air sa bhliain.
  • 230,900 duine a d’fhéach ar Chluiche Ceannais Shraith Peile Allianz (Áth Cliath v Doire), agus bhí Cluiche Ceannais Pheil na mBan (Gaillimh v Ciarraí) i measc na ndeich gclár ba mhó a tharraing lucht féachana don chainéal.
  • Bhí an-spéis ag an lucht féachana freisin i gclúdach Rugbaí Beo ar an gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe.

Mar thoradh ar chomhpháirtíocht nua le Liathróid Láimhe CLG, d’fhéach breis is 1 mhilliún duine ó 55 tír ar fud na cruinne ar chlúdach beo den Liathróid Láimhe agus ar chláir faisnéise faoin spórt (ar líne & líneach).

Sa bhreis ar an spórt, cuireadh siamsaíocht de scoth an domhain inar tugadh ardán do chumas scéalaíochta thar cionn na nGael ar fáil ar TG4.

Craoladh An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar, den chéad uair ar TG4 Lá Nollag, buaicphointe aimsir na Nollag. Bhain an scéal corraitheach seo éacht amach agus shocraigh an tagarmharc do scannánaíocht na Gaeilge.

Bhí an lucht féachana curtha faoi gheasa ceart ag dúrún dúnmharaithe mealltach CRÁ, sraith a bhfuil daoine ag tabhairt “Gaeltacht Noir’ uirthi agus tá gach clár na sraithe le fáil ar Sheinnteoir TG4 Bhí an-dáimh ag an lucht féachana leis an dara sraith de Contractors freisin, inar insíodh scéalta na gconraitheoirí feirmeoireachta agus a dteaghlaigh.

D’fhéach an líon is mó lucht féachana riamh ar Fleadh 2024 agus ba mhó daoine a d’f héach ar thaibhiúcháin oíche Déardaoin ná a d’fhéach ar aon ócáid de chuid na Fleidhe ar TG4 riamh. I measc na mbuaicphointí bhí taibhiúcháin ó Michael Flatley agus Sharon Shannon.

Bhí TG4 ag ceiliúradh eisiúint phictiúrlainne an scannáin KNEECAP freisin, scannán iontach Gaeilge atá ar fhadliosta do na Oscars.

Is é TG4 comhpháirtí craolacháin an scannáin agus thacaigh sé leis ón tús.

Bhain an cainéal Cúla4 cloch mhíle shuntasach amach sa bhliain 2024, ba é sin go raibh an cainéal bliain ar an aer agus gur tháinig ardú 18% ar an líon lucht féachana a bhí ag Seinnteoir Cúla4.

Tá láithreán gréasáin Cúla4 fós ag mealladh lucht féachana domhanda agus léiríonn sin an luach atá leis ina acmhainn ríthábhachtach ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt do leanaí an teanga a fhoghlaim.

Le breis is 1.7 milliún radharc tugtha ar an láithreán gréasán ó seoladh é agus gach úsáideoir ag caitheamh 20 nóiméad ar an meán ag féachaint air ní féidir an freastal atá sé a dhéanamh ar dhaoine a shéanadh.

Áiríodh i measc na gclár móréilimh is mó ar Cúla4 i rith na bliana 2024 CoComelon, Super Simple Amhráin, Taffy, Am Foghlama le Timmy, agus ábhar nua a léiríodh in Éirinn amhail Nuacht Cúla4, Lí Ban, Siar Linn, Mo Pheata, Is Mise, agus neart eile.