Julie Jay, Shane Daniel Byrne agus Michael Fry ainmnithe mar ambasadóirí #SnaG25
Tá ambasadóirí Seachtain na Gaeilge le Energia 2025 fógartha go hoifigiúil: na fuirseoirí Julie Jay, Michael Fry, agus Shane Daniel Byrne. Rinneadh an fógra Dé Céadaoin seo caite le linn sheoladh na meán in oifigí Core, Lána an Mhuilinn Ghaoithe.
Tugann téama na bliana seo, Funny Focail, cuireadh do dhaoine dul i dtaithí leis an nGaeilge trí ghreann agus cruthaitheacht.
Is fuirseoir agus scríbhneoir a bhfuil colún tuismitheoireachta seachtainiúil aici in The Irish Examiner, í Julie Jay. Tá Michael Fry, fuirseoir, aisteoir agus cruthaitheoir ábhair ar líne, le feiceáil in Derry Girls, Holding, agus The Michael Fry Show ar BBC Sounds. Is fuirseoir, scríbhneoir agus aisteoir é Shane Daniel Byrne, a bhfuil seónna grinn an-rathúla aige ‘But he’s Gay’ agus ‘Trouble Denim’.
Ag an bpainéal cainte speisialta, labhair na hambasadóirí faoina dtaithí leis an nGaeilge go dtí seo agus na bealaí a bheidh siad ag baint úsáid aisti le linn na féile agus i rith na bliana.
Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh.
“Le féile 2025 ag teannadh linn cuireann sé gliondar orm ambasadóirí na féile 2025 a fhógairt. Cuirfidh siad triúr go mór leis an bhféile i mbliana agus sinn ag súil go meallfaidh siad daoine ó fud fad na tíre le bheith páirteach san fhéile.“
Ag labhairt ag an seoladh, dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt: “Tá ríméad orainn go mbeidh triúr fuirseoirí den chéad scoth Julie Jay, Michael Fry agus Shane Daniel Byrne mar ambasadóirí na féile i mbliana. Beidh an triúr acu ag roinnt ‘funny focail’ libh roimh agus le linn na féile le deis a thabhairt do gach éinne úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge.”
Reáchtáltar an fhéile bhliantúil ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Le haghaidh tuilleadh eolais ar imeachtaí na féile, acmhainní, agus conas páirt a ghlacadh ann, téigh go snag.ie
Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. Is iad Energia priomh-urraitheoir na féile. Tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.