Tar éis do thorthaí an olltoghcháin a bheith faoi bhráid an phobail ar feadh mí go leith ag an bpointe seo, agus a fhios ag Tadhg an mhargaidh faoin gcruth a bheidh ar an gcomhrialtas, tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil Fianna Fáil, Fine Gael agus seachtar neamhspleách réigiúnach le teacht le chéile. Níl críoch fós leis an idirbheartaíocht, ar ndóigh, faoi shonraí an chláir rialtais agus na haireachtaí agus aireachtaí stáit a bheidh le dáileadh amach, ach is féidir a bheith cinnte gurb é Micheál Martin an chéad taoiseach eile le Simon Harris ina thánaiste ar feadh tréimhse a mhairfidh idir dhá bhliain go leith agus trí bliana, go dtí go malartófar na rólanna sin ar feadh tréimhse píosa beag níos giorra ina dhiaidh sin. Beidh ocht n-aireacht ag Fianna Fáil, seacht gcinn ag Fine Gael, agus beirt de na neamhspleáigh, Seán Canney ó Ghaillimh Thoir agus Noel Grealish ó Ghaillimh Thiar de réir chosúlachta, mar shár-airí sóisearacha, a shuífidh ag cruinnithe an rialtais, ach gan vóta ag na cruinnithe sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!