Rugadh Proinsias Ó Riain sa bhliain 1902 agus tógadh i mBaile na Tóna i gContae Luimnigh é. Ba mhúinteoirí scoile iad a thuismitheoirí beirt, Vere Ryan agus Annie Slattery. Ba é Proinsias an seachtú duine clainne acu. Chuaigh sé ar scoil a bhí faoi thionchar na sagart agus na mBráithre agus bhí sé mar aidhm aige agus é fós óg a bheith ina shagart nuair a bheadh sé níos sine.
Rinne sé staidéir ar an Léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I rith a sheala sa Choláiste Ollscoile chuaigh sé isteach sa Chumann Gaelach agus in 1923 bhí sé ina reachtaire ar an gcumann. Tá liosta de na reachtairí le feiceáil sa Choláiste Ollscoile san fhoirgneamh ealaíne in aice le hAmharchlann L agus tá a ainm le feiceáil fós. Chomh maith leis sin fuair sé bonn óir i gcomórtas óráidaíochta leis an gcumann. Bhí Cogadh Cathartha na hÉireann faoi lánseol ag an am seo, agus d’fhág Ó Riain chun bheith ag troid ar son na cúise. Throid sé le hArm Phoblacht na hÉireann le Briogáid Oirthear Luimnigh. Gortaíodh é i rith an chogaidh agus cuireadh i bpriosún é . Tar éis an cogaidh d’fhill sé ar ais chun na hollscoile agus thosaigh sé ag scríobh. Bhí se ina scríbhneoir agus eagarthóir leis an nuachtán poblachtach An Réalt. D’éirigh leis céim sa mhúinteoireacht a bhaint amach agus thosaigh sé ag múineadh i Scoil Mhuinseó. Bhí sé fós gníomhach le hArm Phoblacht na hÉireann ag an am seo, ach d’fhás a shuim sa soisíalachas tar éis dó bualadh le Peadar O’Donnell. Bhí an bheirt acu ag iarraidh fronta aontaithe a chruthú mar bhí imní orthu faoi theacht chun cinn an fhaisisteachais. Bhunaigh siad an Chomhdháil Phoblachtach mar fhronta aontaithe i gcoinne an fhaisisteachais agus chun Éire a aontú.