Tá go leor cainte ann faoi rún na hathbhliana le déanaí. Is am é seo don mhachnamh, rud i do shaol a fheabhsú, nó tabhairt faoi scil nua a fhoghlaim. Roimh dheireadh na seanbhlliana agus ó thús na bliana úire tá go leor sean-Ghael tar éis bháis. Ba cheannródaithe iad na daoine seo a throid ar son na teanga, an cultúir, agus do phobal na Gaeilge. Táim ag smaoineamh ar leithéidí Ghearóid Uí Chairealláin, Phádraig Uí Snodaigh, agus Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, i measc go leor leor eile a d’imigh ar shlí na fírinne le déanaí.

Bhí na daoine seo páirteach i ndul chun cinn na Gaeilge ó lár an 20ú haois, am nach raibh mórán tacaíochta ann don teanga. Cinnte bhí atmaisféar naimhdeach i leith na Gaeilge sna sé chontae, agus go pointe bhí atmaisféar seoiníneach sna sé chontae is fiche. Ainneoin na gconstaicí seo d’éirigh leo buanna a bhaint amach don Ghaeilge, idir stáisiúin raidío is nuachtán a bhunú, Gaeloideachas a chur chun cinn, agus agóidíocht ar son chomhchearta na Gaeilge.

Ó 2010 i leith tá an taoide tar éis casadh. Is minic a chloistear go bhfuil níos mó deiseanna ag daoine óga an Ghaeilge a labhairt. Tá glúin nua tagtha anois, ag iarraidh leanúint leis an obair thábhachtach a rinne na ceannródaithe a luaigh mé thuas, ní hamháin sin, tá muid ag iarraidh go n-éiróidh níos fearr linn ná an ghlúin a d’imigh romhainn. Níor fhreastail mé féin ar Ghaelscoil, d’fhoghlaim mé an teanga agus mé 18 mbliana d’aois. Ba chainteoir dúchais é mo sheanathair a bhog go Baile Átha Cliath ach stop sé de bheith ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Spreag sé mé an Ghaeilge a fhoghlaim. Táim thar a bheith buíoch gur éirigh liom, agus anois is múinteoir Gaeilge mé mar táim ag iarraidh go bhfásfaidh líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu amach anseo.

Seans go bhfuil sé róluath a rá i stair an aonú haois is fiche, ach deirtear uaireanta go bhfuil athbheochan na Gaeilge eile ar siúl faoi láthair. Bíodh sé mar rún na hathbhliana againn obair na nGael a d’imigh ar shlí na fírinne in 2024 agus le déanaí a phiocadh suas agus é a chur i gcrích. Tá obair na gcapall déanta ag na daoine seo agus fúinne atá sé seilbh a ghlacadh ar dhul chun cinn na Gaeilge, normálú a dhéanamh ar an teanga, agus í a scaipeadh go forleathan ar fud na hÉireann.

Domhnall Mac Concharraige