“Ar mo thaisteal dom tré bhailte poirt” sa Daingean ar cuaird, fuaireas cúpla leabhar deas sa Chafé Liteartha, ceann Robert Ballagh, scéal a bheatha mar cheoltóir leis na Chessmen, agus ina ealaíontóir agus mar oibrí síochána. Tá scata dá phictiúirí sa leabhar.

Gan dearmhad a dhéanamh ar Mháirtín Ó Cadhain, rogha scéalta, The quick and the Dead, 13 acu, aistrithe go Béarla go healaíonta. An Bóthar go dtí an Ghealchathair, le Bríd, agus Ciumhais an Chiathraigh le Muraéd, is iontach an comhluadar iad. Bhí tuiscint ag Máirtín ar aigne na mban, agus ar an gcallshaoth a bheireadh orthu uaireanta, ag obair istigh is amuigh, san uaigneas go minic.

Thar n-ais san ardchathair agus ag siúl síos Sráid Chatham, ag féachaint ar an mbathalach mór sé urlár d’fhoirgneamh pharlaimint na hEorpa, cad a bhí trasna na sráide uaidh ná ceithre shiopa mór seodóra, chomh hard le falla, ná raibh feicthe agam roimis sin. Uaireadóirí is mó a bhí iontu, Cartier, Schaffhausen, Breitling … gluaisrothar breá i lár ceann des na siopaí. Sea arsa mise liom féin, tá siad so chomh galánta ná féadfainn dul isteach iontu. Ach beidh an t-am ceart ag feisirí na parlaiminte as so amach.

Is ar an tsráid seo a bhí an coláiste ceoil, agus bhí ionad ealaíne ag scoláirí ann.

Is mór idir an dá shaol, Robert agus Máirtín, ach mairfidh a gcuid ealaíne,i bhfad níos sia ná an rud go dtugtar polaitíocht air i saol na linne seo.

Mise le meas,

Máire Úna Ní Bheaglaoich, 
BÁC 7