Labhair Caoimhín Ó Cadhla le hÉamonn Ó Donnchadha, buaiteoir Chorn Uí Riada trí huaire, faoina thaithí le hOireachtas na Gaeilge.
A Éamoinn, cad í an chuimhne is fearr leat ón Oireachtas?
Tá go leor cuimhní éagsúla agam den Oireachtas thar na blianta. Cuimhním go ceanúil ar na comórtais amhránaíochta agus na seisiún sna tithe tábhairne. Is breá liom nuair a bhí an slua ag canadh le chéile ann. Ní amháin go gcuimhním go ceanúil ar na comórtais amhránaíochta, ach cuimhním freisin ar na comórtais lúibíní agus agallamh beirte, is breá liom a bheith ag obair le daoine eile chun na lúibíní agus agallamh beirte a chruthú. Ag na comórtais scéalaíochta tógann sé thú chuig domhan eile agus bainim sult as sin. Bíonn sé deacair do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge, ach ní mar sin a bhíonn sé ag an Oireachtas, agus sin an chaoi ba chóir go mbeidh an saol. Tógann tú clann le Gaeilge agus bíonn an gréasán Gaeilge sin ag teastáil dóibh. Is sampla iontach do na páistí a fheiceáil go bhfuil na mílte ag labhairt Gaeilge i láthair amháin. Tá do threibh aimsithe agat ansin.
Cén moltaí atá agat d’iarrthóirí Chorn Uí Riada i mbliana?
Bí ar do chompord. Bíonn an oiread strus ann ag ullmhú do na comórtais sin. Cas an t-amhrán ar bhealach nádúrtha agus an rud is tábhachtaí ná sásamh a bhaint as.