Coimhlint Udarás na Palaistíne le Trodairí Jenin ag Géarú 

Tá breis agus seachtain imithe ó chuir fórsaí Údarás na Palaistíne baile agus campa teifeach Jenin faoi léigear. Tá sé ina streachailt armtha anois idir trodairí Jenin agus fórsaí Údarás na Palaistíne, agus tá siopaí agus margadh an bhaile ar stailc le breis agus seachtain anuas mar léirsiú míshástachta an bhaile leis an Údarás.

Diarmuid Breatnach

Tá cáil fhrithbheartach Phailistíneach ar an mbaile ar an mBruach Thiar le blianta anuas ach de réir Údarás na Palaistíne is “saighdiúirí tuarastail” na trodairí faoi stiúir na hIaráine. Mar léiriú air sin thugadar bratacha na Palaistíne isteach ann i rith a n-ionraidh. D’fhreagair na trodairí sin len a léiriú féin, ag crochadh bhratacha na Palaistíne in airde ar fud an bhaile. Léiríodh físeán duine acu ar an gcainéal YouTube The Cradle ag maíomh gur trodairí iad a bhfuil grá mór acu don bhratach chéanna ach más maith le hÚdarás na Palaistíne í chomh mór sin, cad chuige nach gcrochaidís i dtalamh faoi smacht Iosrael é? Tá sin crosta ag an Aire Slandála Náisiúnta ó anuraidh i leith.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!