Táimid ag tús bliana nua, agus an todhchaí fós le cruthú againn. Bhain mé féin taitneamh as 2024, ach bhí an-chuid drochnuachta ann freisin. Beidh drochnuacht le teacht in 2025 freisin, agus ní féidir é sin a stopadh – tá an foréigean i nGaza fós ag leanúint ar aghaidh, agus mar an gcéanna leis an gcoimhlint san Úcráin. Caithfidh gur tréith nádurtha den chine daonna é, a bheith gafa le coimhlint.

Ach tá dea-scéalta ann freisin. Tá an Rómáin agus an Bhulgáir pairteach anois i gCrios Schengen tar éis tréimhse fada feithimh, agus tá astaíochtaí gás ceaptha teasa ag laghdú ar fud an domhain, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, agus dhún an Ríocht Aontaithe a ngléasra cumhachta guail deiridh, Ratcliffe-on-Soar, i mí Mheán Fómhair.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!