Cosaint tionontaí nó spreagadh brabúis na dtiarnaí talún?

Eoin Ó Murchú

In ainneoin thorthaí an toghcháin tá fadhb na tithíochta fós beo, agus sa gcomhthéacs sin tá sonraí foilsithe maidir le scéim an rialtais le cosaint a thabhairt do thionóntaí in situ, is é sin tionóntaí atá ina gcónaí i dteach nó in árasán nuair a chinneann tiarna talún díol.

Faoin scéim a thug an tAire Tithíochta Darragh O’Brien isteach i mí Aibreáin 2023, tá sé de chumhacht ag an stát teach nó árasán a cheannach má tá sé de rún ag tiarna talún é a dhíol, agus tionónta i mbaol a áit chónaithe a chailleadh dá bharr, gan teidlíocht ar thacaíocht tithíochta sóisialta.

Tá céad fiche tithe ceannaithe ag an nGníomhaireacht Tithíochta faoin scéim go dtí Samhain 2024 ar chostas €31.73 milliún, nó timpeall €645,000 an ceann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.