Imeachtaí an Oireachtais

Dé hAoine

16:00 Seoladh Leabhar Breac Óró le Alan Titley, Éanna Corr le Antain Mac Lochlainn, Fiche le Colm Ó Ceallacháin, Bláthnaid le Darach Ó Scolaí, Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh, Flaitheas le Proinsias Mac a’Bhaird.
Plé agus léamha litríochta.
Fíon agus Sóláistí.
Ionad: Svuít 1, Leibhéal 1, INEC

17:00 Seoladh Leabhair
Glórthaí an Tráthnóna le Máire Nic Mhaoláin.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid.
Ionad: Svuít 2, Leibhéal 1, INEC

17:00 Seoladh
Seolfar Feachtas Náisiúnta Tithíochta, Tinteán, ina dtabharfar na brúghrúpaí tithíochta uile le chéile. Arna eagrú ag BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge.
Ionad: Svuít 5, Leibhéal 1, INEC

Pádraig MacFhearghusa, Cathaoirleach an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha agus an Comhairleoir
Breandán Mac Gearailt, Méara Chiarraí, ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne.
Grianghraf: Don MacMonagle

18:00 Seoladh Clár Teilifíse
Crá: Sraith 6 chlár a taifeadadh i nGaeltacht Thír Chonaill.
Dráma a leanann fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú. Tá aistear gruama i ndán don bheirt.
Ionad: An Bálseomra, Óstán Gleneagle

18:00 Seoladh Leabhair
Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid.
Ionad: Svuít 2, Leibhéal 1, INEC

18:00 Seoladh: Cartlann Ghrianghraf Gael Linn
Stiúrann Seán Ó Ceallaigh, iarbhainisteoir náisiúnta scéimeanna Gael Linn, an chuideachta trí chuid de shaibhreas íomhánna agus físeanna atá cruinnithe i gcartlann Gael Linn le caoga bliain anuas. Tá gailearaithe cóirithe ag Seán ar Slógadh, Díospóireachtaí Dara agus Tríú Leibhéal, Cúrsaí Trí Mhí, Siansa, Ceirníní Gael Linn agus Crannchur Gael Linn. Is cinnte go n-aithneoidh tú duine éigin! Cuirfear sóláistí ar fáil.
Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

18:30 Scéalaíocht
Comórtas Cáilithe
Comórtas do Dhaoine Fásta
Ionad: Seomra Park, Óstán Brehon

18:30 MISE GRÁINNE
Réamhbhlaiseadh den chlosleabhar nua ceoil ar lipéad Gael Linn, scríofa ag Louis de Paor agus ceol le Dana Lyn. Athinsint chumhachtach í seo ar scéal ón Fhiannaíocht le ceol nuachumtha a chuireann go mór le fonn éisteachta. Ar na haisteoirí páirteach i Mise Gráinne bhí; Bríd Ní Neachtain, Dónall Ó Héalaí, Louis de Paor, Marcus Mac Conghail, Dónal Ó Braonáin, Ciara Ní É, Aodh Ó Coileáin agus Darach Mac Con Iomaire. Beidh Louis de Paor i láthair le níos mó eolais a thabhairt faoin tionscnamh uaillmhianach seo agus cloisfidh tú sleachta as. Cuirfear sóláistí ar fáil.
Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

19:00 Sean-nós na bhFear
Comórtas do Dhaoine Fásta Beo ón Oireachtas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie
Ionad: An Stáitse Mór, INEC

19:00 Scéalaíocht:
Príomhchomórtas Comórtas do Dhaoine Fásta
Ionad: Seomra Park, Óstán Brehon

19:00 Seoladh Ábhair ar Dúchas.ie
Seolfar baisc taifead a rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann ar dhioscaí aiceatáite sna 1940idí ar shuíomh dúchas.ie. Ba iad na taifid seo cuid de na taifid ba luaithe a rinne an Coimisiún agus tá siad digitithe anois ar ardchaighdeán den chéad uair. Seolfar freisin baisc grianghraf le Seirbhís Foraois- eachta Éireann a bheidh ar fáil ar an suíomh den chéad uair chomh maith. Arna eagrú ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.
Ionad: Svuít 3, Leibhéal 1, INEC

20:00 Craoladh Beo ón Oireachtas
Lár Stáitse beo ar TG4. Blaiseadh den tsiamsaíocht, den iomaíocht agus de rannpháirtíocht daoine óga i gcomórtais taibhealaíon an Oireachtais. Arna chraoladh ar TG4
Ionad: An Stáitse Mór, INEC

21:30 Cóisir Na Mac Léinn
Cóisir gléasta le scoth an cheoil ó Joe Jack Attack, Grooveline & Bandia á chur i láthair ag Hugh Mac Giolla Chearra
Ionad: An Bálseomra, Óstán Gleneagle

22:30 An Club Amhránaíochta
‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide
Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle

22:30 Seoladh Leabhair & Dlúthdhiosca
‘Leabhar Mór na nAmhrán le 2 dlúthdhiosca: Na hAmhráin Mhalla & Na hAmhráin Sciobtha’ a chnuasaigh Micheál Ó Conghaile á sheoladh ag Máirtín Tom Sheáinín le linn Casadh an tSúgáin. Eagrán nua den leabhar ina bhfuil 400 amhrán, chomh maith le stair na n-amhrán agus rogha acu sin anois ar fáil ar dhá CD atá leis an leabhar.
Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle

22:30 Club na Féile
le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4.
Ionad: An Stáitse Mór, INEC

Dé Sathairn

9:30 #parkrunabú!
Rith speisialta Oireachtas na Samhna 2024.
Ionad: Teach Chill Airne, Bóthar Misean, Cill Airne, Co. Chiarraí

10:00 Veidhlín
Comórtas do Dhaoine Fásta.
Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

10:00-13:00 Cóisir Cúla4
Tá fáilte roimh chách ag an ócáid teaghlaigh seo. Arna eagrú ag Cúla4.
Ionad: Seomra Mangerton

10:30 Aontas na Scríbhneoirí
Ollchruinniú an Oireachtais.
Ionad: Seomra Park, Óstán Brehon

10:45 Ceol Beirte
Comórtas do Dhaoine Fásta.
Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

11:00 Seimineár
Deiseanna Fostaíochta san Aontas Eorpach. Arna eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann.
Ionad: Svuít 1, Leibhéal 1, INEC

11:00 Seimineár an Oireachtais
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Ionad: An Bálseomra, Óstán Gleneagle

12:00 Spléachadh ar Corpas.ie, Corpas Náisiúnta na Gaeilge
Caith súil ar Chorpas Náisiúnta na Gaeilge, acmhainn úrnua, agus faigh amach cén chaoi ar féidir leat tairbhe a bhaint as. Beidh foireann Gaois ar fáil le ceisteanna a fhreagairt agus le glacadh le moltaí.
Arna eagrú ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU
Ionad: Svuít 3, Leibhéal 1, INEC

12:00-14:00 Craoladh Beo Ón Oireachtas
Seó an Oireachtais á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé. Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ionad: An Lobbaí, Óstán Gleneagle

12:30 Príomhchomórtais Damhsa ar an Sean-Nós
Gach Aoisghrúpa. Beo ar TG4
Ionad: An Stáitse Mór, INEC

12:30 Amhránaíocht nach sean-nós í
Comórtas Do Dhaoine Fásta
Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

13:00-14:00 Ré Nua, Foclóirí Nua
I gceann bliana, beidh dhá mhórfhoclóir nua á bhfoilsiú ag Foras na Gaeilge, foclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla. Tá sé beagnach 50 bliain ó foilsíodh Foclóir Uí Dhónaill, agus tá athrú as cuimse tagtha ar chúrsaí an tsaoil agus na teanga idir an dá linn. Sa chur i láthair 30 nóiméad seo caithfear súil ar an méid a bheidh agus nach mbeidh sna foclóirí nua, ar an mbonn ar a bhfuil an t-ábhar á roghnú agus ar an gcuma a bheidh
ar an ábhar sin le hais na bhfoclóirí seanbhunaithe. Beidh seisiún plé agus ceisteanna ina dhiaidh.
Cainteoirí: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach. Tae agus caife
ar fáil. Craolfar an seisiún seo ar leathanach YouTube Fhoras na Gaeilge. Arna eagrú ag Foras na Gaeilge.
Ionad: Svuít 2, Leibhéal 1, INEC

13:00-15:00 Craoladh Beo ón Oireachtas
Arna chraoladh beo ar Raidió na Life & www.raidionalife.ie agus Raidió Fáilte & www.raidiofailte.com
Ionad: An Nead, An Lobbaí, Óstán Gleneagle

13:30 Comórtas Amhránaíochta Traidisiúnta do Ghrúpaí
Comórtas do Dhaoine Fásta
Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

13:30 An Chúirt Filíochta
Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d’fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé.
Ionad: Seomra Park, Óstán Brehon

15:00 Craobh Díospóireachta Gael Linn
Do mhic léinn tríú leibhéil
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn óir an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí. Bronnfar Bonn airgid an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.
Ionad: An Bálseomra, Óstán Gleneagle

16:00 Sliocht — Léamha Próis
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
Ionad: Seomra Park, Óstán Brehon

16:00 Cruinniú Cinn Bliana AerachAiteachGaelach
Is comharghrúpa é AerachAiteachGaelach d’ealaíontóirí LADTA+ atá ag saothrú trí mheán na Gaeilge. Roghnófar coiste nua ag an gcruinniú seo, féachfar siar ar imeachtaí 2024 agus pléifear plean bliana 2024.
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
Ionad: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon

17:00 Seoladh Leabhair
Teacht Aniar le Dairena Ní Chinnéide agus maisithe ag Kim Sharkey.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
Ionad: Svuít 1, Leibhéal 1, INEC

17:00 Club Féile na nÓg
Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth! Seisiún siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais ardáin an Oireachtais agus dá gcairde.
Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle

18:00 Seoladh Leabhair
Mamaí Gé le Gabriel Rosenstock agus maisithe ag Kim Sharkey
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
Ionad: Svuít 1, Leibhéal 1, INEC

19:00 Corn Uí Riada
Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós Beo ón Oireachtas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie
Ionad: An Stáitse Mór, INEC

21:00 An Queercal Comhrá
Is grúpa sóisialta é an Queercal Comhrá do phobal LADTA+ na Gaeilge. Buail le daoine eile ó phobal aiteach na Gaeilge ó cheann ceann na tíre.
Ionad: An Beár, Óstán Brehon

22:00 Gaelgáirí
An t-aon chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne.
Fuirseoirí le fógairt go luath.
Ionad: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

22:30 Club Amhránaíochta
‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide
Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle

22:30 An Club Céilí
Le fíor-scoth an cheoil ó Ceann Golaim.
Ionad: An Bálseomra, Óstán Gleneagle

23:00 Club na Féile
Le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4
Ionad: INEC

Dé Domhnaigh

11:00 Aifreann an Oireachtais
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Séipéal an Aiséirithe, Cill Airne

12:00 Craoladh Beo ón Oireachtas
Togha & Rogha á chur i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha. Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Ionad: An Lobbaí, Óstán Gleneagle


Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie