Amhrán na Seachtaine: An Oiche Úd i mBeithil

Don oíche úd i mBeithil
beidh tagairt ar grian go brách,
don oíche úd i mBeithil,
gur tháinig an Briathar slán.

Tá gríosghrua ar spéarthaibh,
‘s an talamh ‘na chlúdach bán.
Féach Íosagán sa chléibhín,
‘s an Mhaighdean á dhiúl le grá.

Ar leacain lom an tsléibhe
go nglacann na haoirí scáth
nuair in oscailt gheal na spéire
tá teachtaire Dé ar fáil.

Céad glóir anois don Athair
sna Flaitheasa thuas go hard.
‘s feasta fós ar an talamh
d’fhearaibh dea-mhéin’ siocháin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.