A chara,
Tá forbairt na tíre imithe as smacht le 5 bliana anuas, agus beidh Bille um Pleanáil agus Forbairt (an Bille) ag cur leis sin. Le breis is 700 leathanach ar fad, agus 175 leathanach mar leasuithe, ba chóir go gcuirfí ar ais chuig Seanad Éireann é le go ndéanfar breis dianscruduithe air!
An Iúil seo a d’imigh tharainn, scríobh Cóinbhinsiún Aarhus chuig an rialtas á rá go gcuirfidh an Bille isteach ar dhaonlathas an daonra agus ar cheart an phobail teacht ar fhaisnéis faoin timpeallacht. Mar freagra, dúirt an rialtas go mbeidh sé ag glacadh le saineolas an Ard-Aighne, ach cén saineolas é sin, mar ní raibh sé le fáil go poiblí ar chomhairle an Ard-Aighne! Ag an am céana, dúirt Scoil an Dlí, Ollscoil Baile Átha Cliath go raibh an Bille chun dlí AE agus dualgais eile a sarú, mar shampla, Cóinbhinsiún Aarhus agus An tAcht Aeráide.