Buíochas dár nUachtarán

A Eagarthóir, a chara,

Ba mhaith linn buíochas a ó chroí ghabháil leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn, agus lántacaíocht a thabhairt dó, mar gheall ar a sheasamh cróga ar son chearta an duine agus na síochána domhanda. Labhair sé amach ag roinnt ócáidí ag éileamh sos cogaidh i nGasá, le linn na mílte sibhialtach a bheith á marú, rud atá ar siúl go fóill.

Sheas sé arís le déanaí i gcoinne slad ar mhuintir na Liobáine, agus i gcoinne fir, mná agus páistí sa tír sin a mharú, agus i gcoinne scriosadh na tíre sin. Ár mbuíochas freisin leis an Uachtarán as saighdiúirí na Náisiún Aontaithe a chosaint, agus complacht na hÉireann go háirithe, agus iad á gcur i mbaol ag arm Iosrael.

Faraor nach bhfuil a leithéid de mhisneach ag rialtas na 26 Chontae, seachas claidhreacht a léiriú agus ag iarraidh a bheith mar Thadhg an Dá Thaobh os comhair an tsaoil.

Leis na ráitis sin i gcoinne slada, gorta agus cinedhíothaithe, chosain an tUachtarán Ó hUiginn clú agus cáil mhuintir na hÉireann go hidirnáisiúnta, agus léirigh sé gur tír í ag a bhfuil beartas neodrachta agus síochána láidir. Tá ardmholadh tuillte aige, gura fada buan é.

Le meas,
Proinsias Ní Mhurchú
ar son Ionad Buail Isteach na Gaeilge

Sráid Essex Thoir, BÁC 2