San iomlán, toghadh 37 Teachta as na 9 ndáilcheantar timpeall na tíre ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann.
Ina measc, tá 12 as Fianna Fáil, naonúr as Sinn Féin, seisear as Fine Gael, beirt ó Aontú, Teachta amháin ó na Daonlathaithe Sóisialta, Éire Neamhspleách agus an Páirtí Cúitimh 100% faoi seach, agus 5 theachta neamhspleácha.
Tá Gaeilge ag 14, nó 38%, de na teachtaí seo. Chomh maith leis sin, tá cónaí ar chúigear acu sa nGaeltacht.
Bhí vóta láidir le feiceáil do lucht an fhreasúra trí na ceantair Ghaeltachta ar fad, agus lasmuigh de Ghaeltacht Chorcaí níor tháinig Fianna Fáil nó Fine Gael chun chinn mar an páirtí is mó ó thaobh vótaí céadrogha de.
Seo thíos achoimre ar na torthaí Gaeltachta ó na dáilcheantair seo ar fad.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!