Fuarthas Saighdiúir F neamhchiontach sa chás, cad é a dhéanfaidh muid anois? Jack Mac Íomhair Déardaoin seo caite tháinig scéal tubaisteach amach as cúirteanna Bhéal Feirste. Mar atá ráite ag cuid mhór daoine go dtí seo, is é an fhadhb gur lig muid dúinn féin dóchas a bheith againn. Dóchas go mbeidh réiteach éigin ar…

Cóilín Duffy, i mBeal Feirste Bhí atmaisféar dochreidte i lár Bhéal Feirste Dé Céadaoin, agus sluaite móra bailithe san Ionad Comhdhála agus Taispeántais le haghaidh oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna 2025, an chéad uair ó 1997 atá an fhéile cháiliúil seo á reáchtáil sa chathair. Bhí an spiorad Gaelach le brath ar gach taobh den…
Beidh an leabhar úr: Cloch in Áit an Charnáin, a thugann cruinnchuntas ar shaol is ar shaothar an bhailitheoir béaloidis Seán Ó hEochaidh, á sheoladh ag Éabhlóid in ICC Bhéal Feirste, Dé Sathairn, 1 Samhain. Is é an scoláire agus an gníomhaí, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, a scríobh an cuntas cuimsitheach seo ar shaol…
Tá Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste agus craolfaidh TG4 na himeachtaí ar feadh ceithre lá ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain, agus beidh lucht féachana na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain á dtarraingt le chéile ar TG4, TG4.ie, YouTube agus ardáin na meán sóisialta. Ard-Stiúrthóir…
Dé hAoine an 31 Deireadh Fómhair 8:00 – 9:00 CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS‘Adhmhaidin’ á chur i láthair ag Gormfhlaith Ní ThuairisgArna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na GaeltachtaIONAD: Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC 9:30 RÉAMHBHABHTA: Damhsa ar an Sean-Nós (A)COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGAIomaitheoirí atá idir 5-8 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2025IONAD:…
An Dr. Kerron Ó Luain Bailíonn na Gaeil le chéile gach fómhar chun Oireachtas na Gaeilge a cheiliúradh. Téann scéal an Oireachtais siar go 1897, dár ndóigh, agus aimsir na hAthbheochana. Reáchtáladh an chéad Oireachtas ar an 17 Bealtaine 1897 sa Rotunda i mBaile Átha Cliath. Conradh na Gaeilge a d’eagraigh é an chéad uair.…
Domhnall Mac Concharraige Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Is iomaí cuimhní atá ag pobal na Gaeilge ar Oireachtas na Samhna gach bliain. Ach cad é an stair a bhaineann leis an bhféile, a cheiliúrann agus a chuireann an Ghaeilge, an ceol, an rince, agus an scéalaíocht chun cinn. Téann…

Cóilín Duffy Tháinig réaltaí, craoltóirí agus iriseoirí Gaeilge ó gach cearn den tír le chéile i Halla na Cathrach, Béal Feirste, Dé Céadaoin le haghaidh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025, oíche mhór cheiliúrtha don earnáil Gaeilge sna meáin. Bhí spiorad an phobail le brath i ngach aon chúinne, le ceol, gáire agus comhluadar a mhair…

Ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód don Chiste Craoltóireachta Gaeilge i mbliana Cóilín Duffy Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 oíche Dé Ceadaoin ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, atá ag ceiliúradh fiche bliain de chraoladh, léiriú agus forbairt chruthaitheach i mbliana. Bronntar an gradam mór le rá seo ar dhuine…

Cóilín Duffy Nochtadh grianghraf speisialta ag Raidió Fáilte i mBéal Feirste Dé Céadaoin in ómós don cheannródaí Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin, a d’éag i mí na Nollag 2024. Níor imir duine ar bith tionchar níos mó ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste ná Gearóid, duine a raibh a shaothar le brath ó bhunú Chultúrlann…