Tá Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo
Is cúis bhróid agus áthais dom ar bhonn pearsanta fáilte a chur roimh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go Béal Feirste cois cuain i mbliana. Tá 30 bliain ann ó bhí an Ard-Fheis sa chathair seo faoi Uachtaránacht an Fheirstigh dheireanaigh a bhí sa ról, Gearóid Ó Caireallán. Chomh maith leis sin tá muid ag ceiliúradh 100 bliain ó bunaíodh Comhaltas Uladh i mbliana, Comhaltas a choinnigh bladhaire na Gaeilge lasta fríd tréimhse chorraitheach stoirimiúil. Tá claochlú cuimsitheach i ndiaidh teacht ar an chathair ó bhí 1996 ann, go háirithe i dtaca le stádas agus próifíl na Gaeilge de. I dtrátha an ama go raibh baill an Chonartha ag triall ar bhruacha Loch Lao don Ard-Fheis scór go leith bliain ó shin, bhí sé fós mídhleathach comharthaí sráide dátheangach a chur in airde agus bhí comhairleoirí á ndíbirt ó Halla na Cathrach as siocair gur labhair siad ina dteanga dhúchais. Is táirge mé den ghluaiseacht spleodrach teanga a tháinig chun cinn i mBéal Feirste san am sin, glúin a chruthaigh míorúiltí ón mheath, pobal faoi léigear a chuir dúshlán roimh stát leatromach agus a thóg fís uaillmhianach Ghaelach, ó luaithrigh na coimhlinte, fís atá á fíorú lá i ndiaidh lae ó shin.
Inniu, tá Béal Feirste ar thús cadhnaíochta, ar bhonn náisiúnta, i dtaobh na hathbheochana comhaimseartha teanga de. Tá na mílte páistí ag fáil oideachas trí Ghaeilge, tá bonneagar leathan pobail tógtha ón bhun aníos agus tá cultúr láidir feachtasaíochta greanta inár gcnámha. De thairbhe na feachtasaíochta céanna, tá na céadtaí comharthaí oifigiúla sráide Gaeilge le feiceáil i ngach aon chearn den chathair seo. Níor tharla na forbairtí seo i bhfolús ach de bharr díograise agus dúthrachta, mar aon le fís agus fadradharc leithéidí Ghearóid Uí Chairealláin agus a chomhaoisigh, agus tá an ghlúin reatha de dhíograiseoirí dearga ag fíorú na físe agus ag leanúint an dea-shampla a leagadh síos dúinn.
Ag an Ard-Fheis i mbliana tá ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht’ mar théama againn. Tá tonntaí móra na staire ag réabadh agus ní mór dúinn gluaiseacht a thógáil agus comhghuaillíochtaí leathan a thógáil atá réidh do na dúshláin atá os ár gcomhair amach anseo agus de réir mar a éiríonn an chaint faoi athaontú na tíre níos coitianta ní mór dúinn an deis stairiúil a thapú leis an Ghaeilge a neartú agus fís Sheachtain na Cásca a fhíorú. Le toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán cúpla mí ó shin ba léir gur féidir ceist na Gaeilge a neadú i gcroílár na mórdhíospóireachta náisiúnta. Tapaímís gach deis!