Is beag an faoiseamh a thugann Comhdháil Slándála München don Aontas Eorpach

Cathal Ó Murchú

Le linn Chomhdháil bhliantúil Slándála München bheith ar siúl sa chathair is mó i ndeisceart na Gearmáine bhí drithlíní faitís faoin méid a déarfadh Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe Marco Rubio le ceannairí an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí slándála agus an todhchaí nua atá ag teacht ar an saol de réir a chéile agus conas a thapóidís an deis chun dul i ngleic léi.  Anuraidh, nuair a labhair Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance leis an mórchruinniú céanna, cháin sé an Eoraip go sonrach faoina n-easpa féinmhuiníne náisiúnta, faoina nglacadh leis an bpolaitíocht mhúscailte agus nach raibh na Stáit Aontaithe chun tús áite a thabhairt don Eoraip ná dá leasanna.

An uair seo, cé nach dúirt Rubio aon rud a tháinig salach leis an méid a dúirt Vance, is léir gur thaitin a óráid níos mó le ceannairí an Aontais Eorpaigh ná an ceann a tugadh an bhliain roimhe agus dúir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen an méid sin. Go bunúsach, d’éiligh Rubio teacht ar ais impireachtaí agus cumhacht dhomhanda an Iarthair (Meiriceá i ndáiríre) agus é ag rá, “Ar feadh cúig chéad bliain roimh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an tIarthar ag leathnú amach, a misinéirí, a n-oilithrigh, a saighdiúirí, a dtaiscéalaithe ag scaipeadh amach óna gcríocha thar na tonnta le mórchríocha a lonnú, mórimpireachtaí a thógáil ag síneadh amach chuig gach cearn den Domhan. Is bóthar é a shiúlamar cheana agus táimid ag súil go siúlfaimid arís.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.