Faigheann Comhairle Cathrach na Gaillimhe €3.36m don tionscadal WATERWAY

Tá deontas suntasach €3,363,213 faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoin gclár Gníomhartha Nuálacha de chuid an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh (EUI), rud a fhágann gurb í an chéad údarás áitiúil in Éirinn a bhain leas as an sruth maoinithe seo. Cuirfear an maoiniú ar fáil tríd an gCiste Forbraíochta Réigiúnaí Eorpach (CFRE) chun tionscadal ceannródaíoch dar teideal WATERWAY a chur i bhfeidhm.

Meastar gurb é €4.2 milliún luach iomlán an tionscadail, a dhíreoidh ar chanálacha stairiúla na Gaillimhe a athbheochan mar fhoinse fuinnimh ghlain, oideachais agus rannpháirtíochta poiblí. Tá an togra ag teacht le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide na Cathrach agus le spriocanna náisiúnta faoi na hAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin.

Faoin tionscadal, cuirfear tuirbíní micrea-hidreachumhachta ar scála beag isteach ag suíomhanna ar nós Chanáil Shráid an Mhuilinn, Oibreacha Uisce Thír Oileáin agus Foirgneamh Mhic Lochlainn ar Oileán Altanach. Bainfidh na tuirbíní leas as sreabhadh nádúrtha na gcanálacha chun leictreachas a ghiniúint le haghaidh úsáid phoiblí, lena n-áirítear foirgnimh a chumhachtú agus feithiclí leictreacha a luchtú, agus fuinneamh glan a chur ar ais chuig an eangach náisiúnta.

De réir na comhairle, tá an tionscnamh sábháilte don fhiadhúlra agus ní chuirfear aon trealamh isteach i bpríomhabhainn na Gaillimhe. Tá measúnuithe tionchair timpeallachta agus scagadh cuí déanta, agus dearbhaíodh go bhfuil riosca íseal ag baint leis an tionscadal ó thaobh Natura agus EIA de.

Dúirt Derek Pender, Stiúrthóir Seirbhíse na Comhairle, gur “céim shuntasach chun cinn” atá sa togra i dtiomantas na Gaillimhe don inbhuanaitheacht. Beidh an chathair, a dúirt sé, ina suíomh taispeántais d’údaráis eile ar fud na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh.

Tá comhpháirtíocht láidir taobh thiar den tionscadal, ina measc tá Ollscoil na Gaillimhe, a fhorbróidh modúil nua oiliúna i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlais, Quirke Renewable Systems Teo, Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe, agus Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.

Dúirt Damien Redington, Comhordaitheoir Gníomhaithe Aeráide, go mbeidh “saotharlann bheo” mar chuid lárnach de WATERWAY, le ceardlanna agus cuairteanna suímh do scoileanna agus don phobal. Táthar ag súil leis an gcéad tuirbín a shuiteáil go déanach in 2026, agus beidh an tionscadal ar bun go dtí Márta 2029.

De réir na comhairle, leanfaidh oidhreacht WATERWAY, i bhfuinneamh glan, oideachas agus caomhnú oidhreachta, i bhfad níos faide ná saolré oifigiúil an tionscadail féin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.