Dalta ón gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara a bhuaigh duais na hÉireann i gcomórtas aistriúcháin do mheánscoileanna a eagraíodh ar fud an Aontais Eorpaigh.
D’fhógair an Coimisiún Eorpach gurb í Méabh Ní Ghionnáin ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhain an chéad áit amach in Éirinn sa chomórtas Juvenes Translatores a reáchtáil an Coimisiún.
Seo an ceathrú bliain as a chéile do dhaltaí Ghaeltacht na Gaillimhe an chraobh a bhreith leo. Méabh an curadh i mbliana, a bhuí lena haistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge, agus ba scoláirí ón Spidéal a bhuaigh an comórtas sna trí bliana roimhe sin.
Ghlac 3,004 dhalta 17 mbliana d’aois ó 716 scoil ar fud an Aontais Eorpaigh páirt sa chomórtas i mbliana agus a d’aistrigh téacs idir aon phéire de na 24 theanga oifigiúla atá ag an Aontas, agus táthar ag súil leis go spreagfar iad lena scileanna teanga a fhorbairt a thuilleadh.
Beidh an searmanas bronnta teastas ar siúl sa Bhruiséil ar an 27 Márta 2026. Gheobhaidh na 27 n-aistritheoir óga, agus a múinteoirí agus a dtuismitheoirí ina dteannta, blaiseadh de mhodhanna oibre aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh. Buaicphointe eile dá gcuairt, gan dabht, a bheidh sa deis bualadh le chéile agus tionchar an Aontais Eorpaigh a fheiceáil i measc a nglúine féin.
Tá an comórtas Juvenes Translatores á eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh gach aon bhliain ó bhí 2007 ann, agus é á mhaoiniú ag an gclár Erasmus+, chun an t-aistriúchán agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Is comórtas é seo a chuir cor sa chinniúint i gcás cuid mhór rannpháirtithe agus buaiteoirí a ghlac páirt ann. Shocraigh cuid acu dul le léann an aistriúcháin san ollscoil, agus tá tuilleadh acu a chaith seal mar aistritheoirí faoi oiliúint sa Choimisiún Eorpach nó ar aistritheoirí nó ateangairí lánaimseartha ansin iad.
Is é is aidhm don chomórtas Juvenes Translatores foghlaim teangacha a chur chun cinn sna scoileanna, agus blaiseadh de ghairm an aistritheora a thabhairt do dhaoine óga. Tá an comórtas oscailte do dhaltaí meánscoile atá 17 mbliana d’aois, agus bíonn sé ar siúl an tráth céanna i ngach scoil dá roghnaítear ar fud an Aontais Eorpaigh.
Tá polasaí ag an Aontas Eorpach ilteangachas agus cúrsaí aistgriúchain dá réir a chothú. In 1958 bhí cheithre theanga oifigiúla ag an Aontas, ach, ó shin i leith, de réir mar a rinneadh ballstáit den Aontas Eorpach de níos mó tíortha, tá an líon teangacha oifigiúla san Aontas méadaithe go 24.