Cuireadh cás maidir le Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste siar

Cuireadh an cás maidir le comharthaíocht dhátheangach siar ag tús na seachtaine

Jack Mac Íomhair

Chuir an Breitheamh McAlinden an cás maidir le comharthaíocht dhátheangach ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste siar go dtí mí Bealtaine. 

Tá an gníomhaí dílseach Jamie Bryson ag lorg athbhreithniú breithiúnach maidir le cinneadh an Aire Bonneagair Liz Kimmins comharthaíocht a chur in airde. 

Dúirt an Breitheamh McAlinden Dé Luain go mbeidh an chúirt ag plé le caingean dlí eile in aghaidh an tionóil maidir lena dteip leanúnach straitéise Gaeilge a chur i bhfeidhm ar dtús.

Rialaigh an ardchúirt i mBéal Feirste in 2017 agus in 2022 gur sháraigh an tionól a ndualgas maidir leis an straitéis.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir ar Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge, ‘go dtuigeann muid an sceidealú atá déanta ar an dá chás. Dár ndóigh, cás na straitéise, a bhí os comhair na cúirte roimhe, agus an cás maidir le Mórstaisiún Lárnach Bhéal Feirste.’

Athruithe céatadáin bliantúla náisiúnta agus réigiúnacha, Nollaig 2025. Foinse eolais, an Phríomh-Oifig Staidrimh

‘Tá cumhachtaí anois ag an Choimisinéir Teanga sa dlí, rud atá go hiontach agus b’fhéidir go n-athróidh sé sin tírdhreach an cháis trí chéile.’

‘An t-aon bhuaireamh a bheadh ann leis an chás faoin chomharthaíocht ag an Mhórstáisiún a bheith ar an mhéar fhada ná an tionchar a bheas aige ar mheon agus dearcthaí udarás poiblí eile i dtreo na Gaeilge, agus go mbeidh drogall orthu aon chinneadh a dhéanamh sula dtagann breithiúnas isteach ar an chás sin. 

‘Rud nach n-aontaíonn muid leis dár ndóigh, mar ní dóigh linn gur ceart go mbeidh an cás ann, ní dóigh linn gur rud conspóideach í an Ghaeilge, agus tá muid den tuairim go bhfuil an ceart ag Liz Kimmins.’

I ndiaidh aighneachtaí ón dá thaobh Dé Luain chuir an Breitheamh McAlinden trí lá ar leataobh i ndiaidh shos na Cásca chun an cás a bhaineann le straitéis na Gaeilge a phlé.

Liostaigh sé an cás maidir le Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste le haghaidh éisteacht dhá lá ag deireadh mhí Bealtaine. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.