Deir baill an Cheardchumann Seirbhísí, Thionsclaíoch, Ghairmiúil agus Theicniúil (CSTGT) atá fostaithe ag Cumann Peile na hÉireann go gcuireann imní sábháilteachta as an áireamh go n-imreofaí cluichí sacair idir Éire agus Iosrael.
Tá imní mhór shábháilteachta ardaithe ag baill CSTGT atá fostaithe ag Cumann Peile na hÉireann maidir le haon chluiche sacair a bheadh beartaithe idir Éire agus Iosrael i Sraith na Náisiún, agus iad ag iarraidh ar an gCumann a bheith comhsheasmhach ina chur chuige trí diúltú do na cluichí sin.
Dúirt Ard-Rúnaí Cúnta CSTGT, Gréagóir Mac Aonghusa, “Ní hamháin gur scéal polaitiúil agus morálta tromchúiseach é aon chluiche idir Éire agus Iosrael i bhfianaise cinedhíothú Iosrael ar na Palaistinigh, ach baineann impleachtaí sábháilteachta d’oibrithe agus d’imreoirí leis freisin nach mór do Chumann Peile na hÉireann a bhreithniú.
“Creideann ár mbaill gur cheart go gcuirfeadh an imní sin, agus an dualgas cúraim atá ar Chumann Peile na hÉireann i leith a chuid foirne, an cluiche sin as an áireamh freisin.
“Níl anseo ach achomharc ar son comhsheasmhachta ón gcomhlacht spóirt, a d’éiligh cheana féin go gcoiscfí foirne Iosraelacha ar chomórtais idirnáisiúnta mar gheall ar ionsaí cinedhíothaithe an Stáit sin ar mhuintir na Palaistíne. Tá sé do-ghlactha go mbeadh an comhlacht ag súil anois go rachadh a chuid fostaithe agus imreoirí i mbun cluichí lena gcomhghleacaithe Iosraelacha, cluichí nach gceapann an Cumann Peile, ná formhór mhuintir na hÉireann, dar linne, gur cheart a bheith ar siúl.
“Níl ár mbaill sásta a bheith páirteach i bhfimíneacht eagraíocht peile na hEorpa, ina gcoisctear foirne Rúiseacha mar gheall ar chogadh na hÚcráine, ach go gceadaítear do stát eile atá i mbun cinedhíothú, de réir sainmhínithe dlí, a chleachtadh, dea-chuma a chur air féin tri spórt i gcaoi a mhilleán ár gclú féin.
“Fágaimid faoin gcomhlacht rialaithe é na ceisteanna seo a bhreithniú agus gan imreoirí agus foireann a chur i gcás ina mbeadh a sábháilteacht agus a gclú amach anseo i mbaol.”
Chuir sé leis, ag rá, “Ní raibh spórt na hÉireann ina leithéid de chruachás ó aimsir an bhaghcait spóirt i gcoinne na hAfraice Theas. Cuireadh go mór le droch-chlú a tharraingt ar imreoirí agus eagraíochtaí spóirt a bhris an baghcat sin. Sa bhliain 1970, bhí cur isteach mór, foréigean agus círéib i mBaile Átha Cliath de bharr cluiche rugbaí idir Éire agus an Afraic Theas. Ná déanaimis an botún céanna arís.
“Creidimid gur mian le muintir na hÉireann go ndéanfadh Cumann Peile na hÉireann an rud ceart anseo. Caithfidh sé seasamh lena fhocail féin agus meas a bheith aige ar shábháilteacht na ndaoine a bhfuil dualgas cúraim aige ina leith. Fágann sin go gcaithfidh sé athmhachnamh a dhéanamh ar a sheasamh maidir leis na cluichí sin a imirt.”