Comórtais liteartha an Oireachtais 2026 oscailte anois!

Tá sé fógartha ag an Oireachtas go bhfuil iarratais á nglacadh anois do chomórtais liteartha an Oireachtais 2026, agus tríocha a haon chomórtas ar chlár na bliana seo a chlúdaíonn gach aoisghrúpa agus gach seánra scríbhneoireachta. Ó bunaíodh an fhéile in 1897, tá na comórtais mar chroílár d’fhorbairt agus de chur chun cinn litríocht na Gaeilge, ag cothú tallainne nua agus ag tabhairt ardáin do scríbhneoirí seanbhunaithe.

I measc na gcomórtas don scríbhneoir fásta tá: A1 Úrscéal – Ficsean Ginearálta; A2 Ficsean do Dhaoine Óga (9/10–12 bhliain); A3 Ficsean do Dhaoine Óga (13–15 bliana); A4 Saothar Próis; A5 Cur Chun Cinn na Gaeilge; A6 Gearrscéal – Duais an Mhaolánaigh; A7 Scéal dírithe ar dhéagóirí; A8 Dán; A9 Cnuasach Filíochta; A10 Dráma Raidió; A11 Dráma Aonghnímh; A12 (a) Comórtas Cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc; A12 (b) Comórtas Cuimhneacháin Carmel Uí Bholguidhir; A12 (c) Comórtas Cuimhneacháin Dhonncha Uí Shúilleabháin; A13 Saothar Spioradáltachta/Creidimh/Ábhar Marana; A14 Iriseoireacht; agus A15 Iriseoireacht (Faoi 30).

Tá rannóga ar leith ann do dhaltaí bunscoile i bhfoirm greannán do Ranganna 3 go 6 (B1–B4), agus do dhaltaí meánscoile tá C1 agus C2 (Script Ghearrscannáin nó Greannán do bhlianta éagsúla), chomh maith le C3 Prós, C4 Iriseoireacht, C5 Ficsean agus C6 Filíocht.

Maidir le mic léinn tríú leibhéal, tá D1 Prós, D2 Iriseoireacht, D3 Ficsean agus D4 Filíocht (Mic Léinn Fochéime) ar fáil.

Cuirfear duaischiste ar fáil i ngach rannóg, agus gheobhaidh rannpháirtithe aiseolas mionsonraithe ó phainéal moltóirí.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne, nó foirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig Páirc Ghnó Chasla, Casla, Co. na Gaillimhe. Is é an 1 Iúil 2026 an spriocdháta iontrála.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.