
Tá an oiread sin le cáineadh faoi réimeas Trump i Meiriceá: an t-ionsaí ar inimirceoirí, an tacaíocht do chindhíothú Iosrael in Gaza, an t-ionsaí ar Veiniséala agus ar Chúba, agus an bhagairt ar an Iaráin, go bhfuil leisce ar dhaoine glacadh le focal ar bith uatha.
Ach is fiú mar sin féin cluas a thabhairt do thuarascáil ó Choiste Breithiúnach Theach Ionadaithe SAM le déanaí faoin gcaoi a ndeimhníonn sí an méid atá á rá ag go leor againn le blianta fada: go bhfuil polasaí cuimsitheach cinsireachta bunaithe ag an Aontas Eorpach a leagann sios rialacha don scéalaíocht phoiblí, agus a chuireann glórtha criticiúla ar an imeall nó faoi chosc ar fad.
Féach cogadh na hÚcráine, agus gan cead ag aon duine seasamh na Rúise a chosaint ar aerthonnta na hÉireann ionas nach gcloisfimid ach taobh amháin den scéal.